Teachtaireacht an tsoiscéil
– Léigh an sliocht mar seo a leanas le do thoil:
Gein 1:1 | I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. |
Róm 3:23 | mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile ina uireasa ghlóire Dé |
Eoin 8:34 | D’fhreagair Íosa iad, “Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca. |
Chruthaigh Dia muidne ach níl aithne againn Air agus táimid scartha Uaidh de dheasca ár nádúir pheacach. Níl aon chiall ná cuspóir lenár saol gan Dia bheith ann. Mar iarmhairt (praghas le híoc) ár bpeaca is ea an bás, idir spioradálta agus fisiceach. Is é is brí le bás spioradálta ná bheith scartha ó Dhia. Lobhadh an choirp is é an bás fisiceach. Má fhaighimid bás agus muidne inár bpeaca beimid scartha ó Dhia go deo agus is san ifreann a bheas ár dtriall. Conas is féidir linn muidne féin a shlánú ónár bpeacaí agus filleadh ar Dhia? Ní féidir muidne féin a shlánú mar nach féidir le peacach é féin a shlánú (mar nach mbeadh duine atá ag bá é féin a shlánú). Ní féidir le daoine eile muidne a shlánú ach oiread mar is peacach gach duine againn (ní féidir le duine atá ag bá duine eile a shlánú, is iad an bheirt acu a bhfuil cabhair de dhíth orthu). Tá ní gan pheaca de dhíth orainn (nach bhfuil ag bá) le muidne a shlánú ónár bpeacaí. Ní féidir ach le duine gan pheaca muidne a shlánú. Conas duine gan peaca a aimsiú i ndomhan na bpeacach?
Róm 6:23 | Mar phá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna. |
Eoin 3:16 | Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mhic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é go mbeadh an bheatha shíoraí aige. |
Matha 1:23 | “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,”-ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. |
Eoin 8:23 | “ Is ón áit thíos sibhse,” ar Sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise. |
Marcas 1:11 | Agus tháinig glór ó na flaithis, “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” |
Eoin 8:36 | Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre. |
Eoin 3:3 | D’fhreagair Íosa; “Amen, Amen,” ar sé leis, mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.” |
Eoin 1:12 | Ach an uile dhuine a ghlac É, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm, |
Thug Dia réiteach dúinn, Dia a chruthaigh muid agus a bhfuil an-ghrá Aige dúinn. Mar gheall ar an ngrá ollmhór Aige dúinn, chuir Sé A mhac féin, Íosa, le bás a fháil ar son ár gcuid peacaí. Níl aon pheaca ag Íosa mar nach as an domhan É, agus, le linn dó bheith ar domhan, sháraigh Sé cathú an diabhail peaca a dhéanamh. Thaitin A shaol le Dia ar neamh. Ghlac Íosa ár gcuid peacaí agus fuair bás ar an gcros ar son ár bpeacaí. Is Eisean slánaitheoir ár mbeatha (Tá Íosa in ann muid a shlánú mar nach raibh Seisean ag bá). Fuair Íosa bás ar an gcros le praghas ár bpeacaí a íoc agus lenár gcuid peacaí a bhaint dúinn agus ár gcaidreamh a briseadh le Dia a athshlánú dá réir. Éirímid beo as an mbás spioradálta (scaradh ó Dhia) trí chumhacht Dia. Tugtar athbhreith ar an gcaidreamh nua seo. Déanann sé seo muidne a athshlánú chuig ár gcuspóir atá le cruthú agus le heiseadh agus leis sin, fíorchiall agus fíorchuspóir a thabhairt dúinn inár saol.
Eoin 11:25 | Dúirt Íosa léi, “Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann Ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé. |
Róm 6:9 | a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh, nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás Air feasta. |
Gníomhartha 2:24 | ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. |
Róm 14:9 | Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige. |
Gníomhartha 1:11 | “A fheara na Gailíle,” ar siad, cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An t Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí céanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.” |
Cad é an fhianaise gur ghlac Dia ar neamh íobairt Íosa ag fáil bháis ar son ár gcuid peacaí? Is é aiséirí Íosa as an mbás ag Dia an fhianaise. Tríd an aiséirí, tugtar fianaise gur sháraigh Íosa an bás (nó is é sin le rá, nach bhfuil aon cheannas ag an mbás Air). Anois, de réir sin, de bhrí go maireann Íosa, is féidir linn maireachtáil freisin. Is é an bheatha Aige ionainn a thugann beatha dúinn. Freisin, de bhrí gur d’aiséirigh Sé, tá sé Beo san am i láthair.
Eoin 5:24 | Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; |
Eoin 10:9 | Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach. |
Eoin 14:6 | Dúirt Íosa leis, “Mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach Tríomsa. |
Eoin 8:24 | Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.” |
Gníomhartha 4:12 | Níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.” |
Róm 10:13 | Mar “gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.” |
Róm 10:11 | Agus deir an scrioptúr, “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” |
Róm 2:11 | Mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile. |
Róm 3:22 | trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann; |
Róm 10:9 | mar má admhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. |
Conas is féidir ár gcuid peacaí a bhaint agus an bheatha nua a fháil? Trí chreideamh in Íosa mar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir. Má dhéanaimid aithreachas as ár mbeatha pheacach agus glaoigh ar Íosa maitheamh dúinn agus muidne a shlánú, déanfaidh Sé amhlaidh. Is é Íosa Mac Dé a tháinig chun an tsaoil le bás a fháil ar son ár bpeacaí. An té a bhfuil muinín aige As, Tabharfaidh Dia maithiúnas dó, slánú óna gcuid peacaí (agus an t-ifreann) agus tabharfaidh Dia beatha nua dó. Ní aon chlaontacht ag Dia. Ní dhéanann Sé aon idirdhealú ar – an tír ina gcónaímid, an teanga a labhraímid, más saibhir más bocht, más óg más aosta, nó aon difríocht fhisiceach ar bith eile. An té a bhfuil an creideamh aige agus a admhaíonn Íosa, slánófar é. Seo a leanas paidir is féidir leat rá má shocraíonn tú Íosa a leanúint:
A Dhia ar neamh, gabhaim buíochas Leat as d’Aonghin Mhic, Íosa, a sheoladh le bás a fháil ar son mo chuid peacaí, ionas gur féidir mé a shlánú agus beatha nua a bheith agam ó na flaithis. Déanaim aithreachas as mo dhrochshaol agus iarraim maithiúnas as mo pheacaí. Creidim in Íosa agus glacaim Íosa mar Thiarna agus Slánaitheoir agam. Cuidigh liom agus treoraigh mé saol a chaitheamh a dtaitníonn Leat sa bheatha nua seo a thug Tú dom. Amen
Má rinne tú an phaidir thuas, iarr ar Dhia teach pobail a thaispeáint duit le freastal air. Bí ag caint le Dia i do phaidreacha go rialta agus labhróidh Dia leat. Éist le glór Dhia. Treoraigh Dia thú. Tá grá aige duit agus tabharfaidh sé aire duit. Is féidir leat muinín a bheith agat Ann. Ní thréigeann Sé an té a bhfuil muinín aige Ann. Dia maith is É Dia. Is féidir muinín a chur Ann. Is féidir leat brath Air as do bheatha. Tabhair a bhfuil de dhíth ort Chuige. Tá tú faoina chúram agus beannóidh Sé duit. Dúirt Dia, ‘Ní thréigfidh mé thú go deo, ní fhágfaidh mé san ábhar tú choíche’. Bíodh muinín agat i nDia. Go mbíodh tú beannaithe trí Íosa.
Léigh an Bíobla go rialta, ag tosach ó leabhar Eoin, Le tuilleadh foinsí idirlín a fhail, cliceáil anseo.